Feachtas _Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge

Feachtas _Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge Is eagraíocht óige é Feachtas a oibríonn le Gaeilgeoirí óga idir 10-18. Eagraíonn Feachtas cl
(1)

Is eagraíocht óige é Feachtas a oibríonn le Gaeilgeoirí óga idir 11-18. Eagraíonn Feachtas clubanna óige trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus eagraíonn Feachtas comórtas náisiúnta Thráth na gCeist.

📢 CAMPA SAMHRAIDH THAMHLACHTA 2024 📢Deánuacht, a chairde! Beidh Campa Samhraidh Thamhlachta ar ais ó 8-12 Iúil i mbliana...
14/06/2024

📢 CAMPA SAMHRAIDH THAMHLACHTA 2024 📢

Deánuacht, a chairde! Beidh Campa Samhraidh Thamhlachta ar ais ó 8-12 Iúil i mbliana, le costas saor de €55 air. Beidh imeachtaí spóirt agus ealaíne, ceardlanna taitneamhacha, seó talainne, agus tyras lae chuig Ionad Eachtraíochta na hUaimhe!

Is féidir clárú linn leis an nasc clárúcháinnatá ar fáil inár mbithaisnéis. Tá líon teoranta spásanna ar fáil, mar sin cláraigh gan mhoill!

Is cúis cheiliúrtha dúinn é a fhógairt go bhfuil Club Óige Feachtas ainmnithe le bheith i gCraobh Chomórtais an Chrannch...
13/06/2024

Is cúis cheiliúrtha dúinn é a fhógairt go bhfuil Club Óige Feachtas ainmnithe le bheith i gCraobh Chomórtais an Chrannchuir Náisiúnta maidir le Gradam do Dheá-Chúiseanna 2024!🏆

Táimid fíorbhuíoch dár gceannairí, agus ba mhaith linn buíochas a ghabhadh leo. Gan iad, ní bheadh muid in ann tabhairt faoin obair seo agus tacaíocht a thabhairt dár mbaill óga. S'iad na ceannairí fhreastlaíonn ar ár gceithre club chuile sheachtain le spás sábháilte agus spraoiúil a chur ar fáil dár ndaoine óga. 🙌👏

Gabhann muid buíochas lenár maoinitheoirí agus leis na heagraíochtaí a thugann tacaíocht dúinn i rith na bliana .ie 🙏

Táimid ag tnúth anois le Meán Fómhair le go gcloisfimid uasdátú air seo!🥳

Tá ár gCoiste Ceannais ag lorg ball nua!! Stiúrann an Coiste Ceannais an óg-eagraíocht ag cinntiú go bhfuil ár spriocann...
13/05/2024

Tá ár gCoiste Ceannais ag lorg ball nua!!

Stiúrann an Coiste Ceannais an óg-eagraíocht ag cinntiú go bhfuil ár spriocanna á bhaint amach aginn agus ag déanamh athbhreithniú ar chúrsaí airgeadais, foirne, agus polasaí

Beidh Cruinniú Cinn Bhliana ag an gCoiste ar 29 Meitheamh i dTamhlacht agus cuirfear fáilte roimh chách!!

Tá na pictiúir ó Chraoch Chomórtais Tráth na gCeist Feachtas ar fáil anois ar ár suíomh, chomh maith le fógairt na mbuai...
02/04/2024

Tá na pictiúir ó Chraoch Chomórtais Tráth na gCeist Feachtas ar fáil anois ar ár suíomh, chomh maith le fógairt na mbuaiteoirí!! 🥳👏

Caith súil orthu anois! 👀

Bhí lá rathúil ag dream  agus  ag Craobh Chomórtais TNC Feachtas 2024 🏆Bhí an-iomaíocht ann idir an 19 bhfoireann ar éir...
15/03/2024

Bhí lá rathúil ag dream agus ag Craobh Chomórtais TNC Feachtas 2024 🏆

Bhí an-iomaíocht ann idir an 19 bhfoireann ar éirigh leo an Chraobh a shroichint. Is iad seo thíos na torthaí

Buaiteoirí Céad Áite: Coláiste Eoin (Bord 1)
Buaiteoirí Dara Áite: Coláiste Naomh Mhuireadaigh (Bord 13)
Buaiteoirí Tríú Áite: Coláiste Eoin (Bord 18)

Gabhann muid buíochas ó chroí le
ár bhfear an tí carasmatach, gealgháireach 🙌🤩

Ár mbuíochas chomh maith don tacaíocht ó



🙏

Tá tuilleadh pictiúr den chomórtas ar fáil ar ár suíomh 🌐 📸

Maith sibh, a dhaltaí! Comhghairdeas arís leis na buaiteoirí!🥳👏


Tá áthas orainn le fógairt go mbeidh  mar Fear an Tí le haghaidh Craobh Chomórtais Tráth na gCeist 2023/24! 🥳 📢Guímid ga...
05/03/2024

Tá áthas orainn le fógairt go mbeidh mar Fear an Tí le haghaidh Craobh Chomórtais Tráth na gCeist 2023/24! 🥳 📢

Guímid gach rath ar na hiomaitheoirí inniu! 💫

Is cúis áthais agus trua linn a rá nach bhfuil spás fágtha againn do bhall nua i gClub Tamhlachta ná i gClub Baile Munna...
04/03/2024

Is cúis áthais agus trua linn a rá nach bhfuil spás fágtha againn do bhall nua i gClub Tamhlachta ná i gClub Baile Munna📢

Más spéis agat/ag do pháiste clárú linn go fóill, tá spásanna ar fáil i gClub Baile Lotrail agus i gClub Baile Brigín!!💡

Beidh an Craobh Chomórtais do Tráth na gCeist Feachtais 2023/24 ar siúl an Mháirt bheag seo!Comhghairdeas leis na foirne...
29/02/2024

Beidh an Craobh Chomórtais do Tráth na gCeist Feachtais 2023/24 ar siúl an Mháirt bheag seo!

Comhghairdeas leis na foirne ar éirigh leo sna réamhbhabhtaithe agus go n-éirí libh uilig!!

Beannachtaí na Féile Bhrighid libh!! 🌱🥳💫
01/02/2024

Beannachtaí na Féile Bhrighid libh!! 🌱🥳💫

Gaeilgeoirí na Míosa i gClub Baile Munna le déanaí!!🥳 Maith sibh, a chairde👏
31/01/2024

Gaeilgeoirí na Míosa i gClub Baile Munna le déanaí!!🥳

Maith sibh, a chairde👏

Fáilte ar ais, a chairde! Beidh Clubanna Feachtais ag athoscailt ón Aoine seo ar aghaidh. Táimid ag tnúth go mór libh a ...
15/01/2024

Fáilte ar ais, a chairde! Beidh Clubanna Feachtais ag athoscailt ón Aoine seo ar aghaidh. Táimid ag tnúth go mór libh a fheiceáil arís!

Rinne baill óige, Ciarán agus Órla (Club Baile Brigín) cur i láthair ag Gala Domhanda  ar an obair atá déanta, agus fós ...
11/12/2023

Rinne baill óige, Ciarán agus Órla (Club Baile Brigín) cur i láthair ag Gala Domhanda ar an obair atá déanta, agus fós le déanamh ag cClubanna Óige Feachtas

Féach an obair iontach atá déanta ag baill óga Feachtais i mbliana ar son na timpeallachta
07/12/2023

Féach an obair iontach atá déanta ag baill óga Feachtais i mbliana ar son na timpeallachta

Rinne Club Baile Lotrail an-obair i rith Seachtain na Frithbhulaíochta🙌
30/11/2023

Rinne Club Baile Lotrail an-obair i rith Seachtain na Frithbhulaíochta🙌

Bhí turas craiceáilte-mhaith ag baill Feachtas an tseachtain seo caite ag Scléip na hÓige!🥳 Chaitheadar cúpla oíche i nD...
07/11/2023

Bhí turas craiceáilte-mhaith ag baill Feachtas an tseachtain seo caite ag Scléip na hÓige!🥳
Chaitheadar cúpla oíche i nDroim Rí agus mar a bhfeictear thuas, bhí am den chéad scoth acu. Bhí siad i mbun an-chuid eachtraíochta chomh maith le ceardlanna cultúrtha agus céilí Oíche Shamhna!

Buíochas mór le as ucht a chuid tacaíochta agus don chomhoibriú 🙏

Ár gceannaire Danni ag a ócáid bronnadh céim inniu agus tá sí anois ar an bhealach chuig Sélip na hÓige!Tá muid an bródú...
31/10/2023

Ár gceannaire Danni ag a ócáid bronnadh céim
inniu agus tá sí anois ar an bhealach chuig Sélip na hÓige!Tá muid an bródúil asat

Club Bhaile Munna faoi lánseol agus iad ar ais théis sos an tSamhraidh!!
11/10/2023

Club Bhaile Munna faoi lánseol agus iad ar ais théis sos an tSamhraidh!!

D'oscail Club Baile Brigín arís an tseachtain seo caite! Caith súil ar na daoine óige agus iad ar fad i  mbun na craice🎉...
11/10/2023

D'oscail Club Baile Brigín arís an tseachtain seo caite! Caith súil ar na daoine óige agus iad ar fad i mbun na craice🎉☺️

Club Tamhlachta ar ais tar éis Sos an tSamhraidh!! 🎉🎉
29/09/2023

Club Tamhlachta ar ais tar éis Sos an tSamhraidh!! 🎉🎉

Fáilte ar ais, a dhaoine óga! Beidh clubanna Feachtas ag athoscailt ar na dátaí a luaitear thuas!Tá córas nua clárúcháin...
06/09/2023

Fáilte ar ais, a dhaoine óga! Beidh clubanna Feachtas ag athoscailt ar na dátaí a luaitear thuas!

Tá córas nua clárúcháin againn agus is gá do ghach bhall (sean ná nua) clárú leis an gcóras seo. Is féidir teacht ar an gcóras faoi 'Bí Linn' ar ár suíomh idirlín.

29/03/2023

Tá Oifigeach Forbartha Óige á lorg ag Feachtas _Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge
📆 Spriocdháta: 29 Márta 2023
👉 Tuilleadh eolais: bit.ly/3JhR98q

Buaiteoirí Craobh Comórtas Tráth na gCeist Feachtas Óg Ghluaiseacht 2023! Comhghairdeas le Foireann Choláste Oiriall B, ...
15/03/2023

Buaiteoirí Craobh Comórtas Tráth na gCeist Feachtas Óg Ghluaiseacht 2023!

Comhghairdeas le Foireann Choláste Oiriall B, - Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, tar éis dóibh Craobh Tráth Na gCeist Feachtas a bhuachan in Óstán an Ashling, Baile Átha Cliath (Dé Céadaoin, 14 Márta).

Sa phictiur: An fhoireann Saorlaith Ní Chionna, Alannah Nic Giolla Bhéiní, Alan Mac Gafradh Mac Seoin agus Aoibhinn Nic Cormaic. Ar dheis tá Cathnia Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach ar An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), a rinne an bronnadh. Jamie Ó Flannúra, Fear an Tí; Loretta Ní Churraighín, Bainisteoir Feachtas;

Pictiúr Seán Ó Mainnín

Beidh  mar fear an tí le haghaidh Chraobh comórtas Tráth na gceist Feachtas Óg Ghluaiseacht 2023! Táimid ag tnúth le 23 ...
13/03/2023

Beidh mar fear an tí le haghaidh Chraobh comórtas Tráth na gceist Feachtas Óg Ghluaiseacht 2023! Táimid ag tnúth le 23 scoil a bheith linn amarach!

Buaiteoirí Cúige LaigheanComhghairdeas le gach duine óg a ghlac páirt sna Réamhbhabhtaí Tráth na gCeist Feachtas, agus b...
28/02/2023

Buaiteoirí Cúige Laighean

Comhghairdeas le gach duine óg a ghlac páirt sna Réamhbhabhtaí Tráth na gCeist Feachtas, agus buíochas ó chroí leis na múinteoirí ar fad a thug cuidiú chun na Réamhbhabhtaí a reáchtáil!

Feicfidh muid sibh uilig ag An Chraobh Comórtas in Óstán Ashling, Baile Átha Cliath, Dé Mháirt 14 Márta 2023!

Comhghairdeas le gach duine óg a ghlac páirt sna Réamhbhabhtaí Tráth na gCeist Feachtas, agus buíochas ó chroí leis na m...
28/02/2023

Comhghairdeas le gach duine óg a ghlac páirt sna Réamhbhabhtaí Tráth na gCeist Feachtas, agus buíochas ó chroí leis na múinteoirí ar fad a thug cuidiú chun na Réamhbhabhtaí a reáchtáil!

Feicfidh muid sibh uilig ag An Chraobh Comórtas in Óstán Ashling, Baile Átha Cliath, Dé Mháirt 14 Márta 2023!

Craic is spraoi ag Club Óige Feachtas arèir is muid ar ais I scoil santain.
21/02/2023

Craic is spraoi ag Club Óige Feachtas arèir is muid ar ais I scoil santain.

Comhghairdeas mór le lucht na hArdteiste 2022! Go háirithe Kellie ó chlub Bhaile Munna agus Tara ó chlub Thamhlachta. Go...
02/09/2022

Comhghairdeas mór le lucht na hArdteiste 2022! Go háirithe Kellie ó chlub Bhaile Munna agus Tara ó chlub Thamhlachta. Go n-éirí libh leis an gcéad céim eile más é sin ollscoil nó an saol oibre, ach ar aon nós go raibh an t-ádh dearg libh!

Comhghairdeas le Tara ó Chlub Thamhlachta a fuair ainmniúcháin ag Tech Féile 2022!
29/04/2022

Comhghairdeas le Tara ó Chlub Thamhlachta a fuair ainmniúcháin ag Tech Féile 2022!

22/04/2022
Tá muid ag súil go mór leis an ceardlann Athrú Aeráide sa chlub anocht.   .ie
09/12/2021

Tá muid ag súil go mór leis an ceardlann Athrú Aeráide sa chlub anocht. .ie

Address

Drumcondra
BAILEÁTHACLIATH244

Opening Hours

Monday 9am - 5pm
Tuesday 9am - 5pm
Wednesday 9am - 5pm
Thursday 9am - 5pm
Friday 9am - 5pm

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Feachtas _Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Business

Send a message to Feachtas _Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge:

Videos

Share

Category

Our Story

Is eagraíocht óige é Feachtas Óg-Ghluaiseaacht Gaeilge a oibríonn le Gaeilgeoirí óga idir 10-18. Eagraíonn Feachtas clubanna óige agus campaí samhraidh trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus eagraíonn Feachtas comórtas náisiúnta Thráth na gCeist.


Other Drumcondra event planning services

Show All

You may also like